
Seachtain na Gaeilge 2017
Date and time: 16 February to 18 March 2017
Venue: Johnston Library Cavan
Check out the events organised for Seachtain na Gaeilge 2017. Feach ar Clár 2017 anseo.
Bain triail asti! Surprise yourself!
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag obair le
Peig.ie i mbliana leis na himeachtaí a chlárú. Is féidir gach imeacht a aimsiú ar shuíomh acu, níl ort ach iad a chuardú faoin gcatagóir Sheachtain na
Gaeilge.
Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2017
Miriam O’ Callaghan
Is mise Miriam O’ Callaghan agus táim ag súil go mór le bheith mar ambasadóir do Sheachtain naGaeilge i mbliana. Is deis iontach é seo dom chun níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá I measc mo chlann, mo theaghlaigh & mo chomhghleacaithe!
Bain triail as do chuid Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge!
Art Parkinson
Art Parkinson is ainm dom b’fhéidir go n-aithneoidh mé ó Kubo and the Strings agus Game of Thrones. Déanaim mo chuid staidéar trí mheán na Gaeilge agus bím ag foghlaim trí Ghaeilge fud fad an domhain agus scannáin á dtaifeadadh agam.
Táim an-mhortasach as ár dteanga dúchais agus bím iontach bródúil í a labhairt ó lá go lá. Molaim duit imeacht a eagrú le linn Sheachtain na Gaeilge chun spraoi a bhaint as an teanga!
Mícheál Ó Ciaraidh
Mícheál Ó Ciaraidh anseo ó TG4, seans go mbeadh aithne agaibh orm ó Snapchat! Iarraim oraibh na meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017 ach go háirithe ar 16/03/2017 mar chuid de Lá na Meán Sóisialta. Is féidir Facebook, Gmail & Twitter a úsáid as Gaeilge nó is féidir teachtaireachtaí as Gaeilge a scríobh ar do chuid grianghraf ar Snapchat!